Lá amháin a ghortaigh sí a cos ar cheann de na huirlisí oibre sa bhóitheach agus chur a máthair mór bratóg ar a cos le haoileach bó istigh ann. Fuair a cos biseach ach bhí eagla uirthi insint do dhuine ar bith ar eagla go mbeadh siad ag meas go raibh boladh aisti.